School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 355
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do inis sé des na dochtúirí é agus thug a dochtúir buidéal dó agus bhí sé go maith arís.
- Bhí seana-theampall thíos sa seana-chill. Tá na fallaí ann fós. Nuair a bhí an cogadh anseo in Éirinn do leag saighdiúirí Cro,aill é agus chuireadar teampall Protastúnach ar bun. Nuair a bhíodar ag leagaint an teampall Caitleacha deirtear go maraíodh cuid des na fearaibh.
Tá siad curtha thíos sa reilg. Níl ach fear amháin Protastúnach sa Rinn. - Bhí fear ann fadó agus thabharfadh sé aon airgead a gheobhadh sé breith ar leipreachán. Aon oíche amháin bhí sé ag bailiú aithinn thíos i ngleann. Bhí ana-chuid crann sa ngleann cad a chífeadh sé ach leipreachán.
Tháinigh áthas air. Chuaidh sé suas gairid don chrann gan aon fothram a dhéanamh. Bhí an leipreachán ag deisiú bróg. Bheir sé ar an leipreachán agus lig sé scréach as. Dúirt an fear leis "cá bhfuil an cróca óir agat?". Bhí an leipreachán ag iarraidh imeacht uaidh. Dúirt an leipreachán leis go raibh madra rua taobh thiar de agus go raibh sé ábphiochadh. D'fhéach sé thar nais agud d'imigh an(continues on next page)- Collector
- Tomás de Róiste
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Cáit Ní Seanachán
- Gender
- Female
- Age
- 60