School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 345

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 345
  3. XML “Saibhreas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-shaibhir. Aon lá amháin chuaidh fear bocht isteach chuige agus dúirt sé leis rud éigin do thabhairt dó le n-ithe.
    Ní thabharfadh sé dó é agus dúirt sé leis imeacht amach an doras. D'imigh an fear bocht amach agus chuaidh sé isteach i dtig eile agus ní raibh aoinne istigh ach bean a tighe agus bhí sí ag ól té.
    Dúirt sí leis teacht isteach agus braon té a ól.
    Chuaidh sé isteach agus d'ól sé é.
    Ansan d'imigh sé leis agus d'fhág sé slán ag bean a tighe.
    Nuair a d'éirigh an bean ar maidin cad a bheadh ar an bórd ná deich bpúint agus dúirt sí gur maith an rud gur thug sí an tá don fear bocht. Deirtear gur ceart rud éigin do thabhairt don duine bocht má tá sé agat ar aon chor.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Dhrócháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford