School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 328
  3. XML “Na Sióga”
  4. XML “Tobar Féithín”
  5. XML “Íosa agus Naomh Peadar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    isteach go dtí an áit ina raibh an fear agus bhí bean álainn istigh sa mbád agus thosnaigh sí ag amhrán go binn ceolmhar. Sé an amhrán a bhí aici ná
    "Ó tá mé go brónach, go brónach, go brónach
    Is dé cúis ná béinn brónach gan tusa, a grá".
    An neomait dúirt an bean an t-amhrán do léim an fear isteach sa mbád agus ní fhacha aoinne ó shoin é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá tobar amuigh sa sliabh agus tugtar Tobar Feithin mar ainm air agus sé an ainm atá ar an áit ina bhfuil sé ná Lios Gríobhtha.
    Sé an cúis a bhfuil an ainm sin air ná nuair a bhí Naomh Déaglán ag dul go dtí Árd Mór beir an oíche air agus chuir sé fé san áit sin. Ar maidin nuair d'éirigh sé bhí sé uaidh deoch uisce d'fháil agus ní raibh aon uisce timpeall na h-áite.
    Bhí an bior mór a bhíonn ag an t-Easgoghaige agus tháinigh uisce aníos tríd an talamh tirm. Sé an brí atá le feithín ná tobar nó páirc a bheadh uisce ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí Íosa agus Naomh Peadar lá ag siúl an bóthar agus bhí fear bocht ar thaobh an bóthair agus bhí éadaí an-stracha air. Níor thug Íosa aon rud dó agus tháinigh buile ar Naomh Peadar.
    Ansan thánaigh fear eile ortha agus bhí éadaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Nic Craith
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford