Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Naomh Déaglán”
  4. XML “An Sparán”
  5. XML “Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ainm atá ar ná tobar Naomh Déuglán. Tá cloch mór ann ar an tráigh agus do bhí aithne agam ar fhear ón Rinn a fuair radharc a shúile ag an gcloch san.
    Tá túr mór in Árd Mhór agus thógadh é in aon oichche amháin. Do chonnaic mé an áit in a bhfuil Naomh Deuglán curtha agus do thughas chuid den chré abhaile liom má bheadh cinn ort agus é a chur led ceann dhéanfhadh sé tú a leigheas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean bocht ann fadó agus bhí sí an-aosta. An lá seo bhí sí ag dul go dtí an séipéal agus nuair a bhí sí ag dul isteach sa doras d'airigh sí an glór istigh agus d'fhéach sí isteach agus chonaic sí sparáin istig agus é ag léimigh suas agus síos ach ní túisce a tháinigh sí gairid dó ná léim sé isteach ina láimh.
    Chuaidh sí ar a glúine agus ní raibh lá bocht aici as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Bhí bean bocht ann fadó agus oíche amháin bhí sí ag dul go dtí an séipéal agus chonaic sí gearrcaile deas ag seasamh ar thaobh an bhóthair agus níor labhair an gearrcaile leí in aon chor agus díreach nuair a bhí sí imithe thar an gearrcaile d'airigh sí an gearrcaile á rá "A mháthair, a mháthair, tar thar n-ais chugham".
    Do chuaidh sí thar n-ais agus cé bheadh ann ach a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Craith
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford