School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 295
- XML “Lios”
- XML “An Slua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lios sa Rinn fadó in áit éigin ins na failltreacha a bhí sé. Lá amháin chuaidh fear síos na failltreacha agus ní raibh fhios aige go raibh an lios ann. Níorbh fhada go bhfaca sé an lios ag oscailt agus tháinigh beacha amach 'na gcéadta.
Ansan tháinig fear beag amach agus thug sé leis an fear isteach. Nuair a chuaidh sé isteach chaith sé dul síos staighre mór. Nuair a bhí sé ag bun na staighre chuaidh sé isteach in seomra agus bhí na síoga ag rinnce agus ag amhrán. Coiméadtar sa lios é ar feadh trí bliana agus nuair a bhí sé ag teacht amach thug na síoga cróca óir. - Fadó nuair a bhí an Slua ag imeacht timpeall do bhí fear ann agus bíodh sé amuigh an-déanach istoíche. An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé an slua ag teacht agus thosnuigh sé beir ceann aca air agus tharraing siad leo é.(continues on next page)
- Collector
- Siobhán Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford