School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 289
  3. XML “Na Sióga”
  4. XML “Airc Luachra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sidheóga
    Oíche amháin chuaidh fear isteach i dtigh muinteardha agus nuair a tháinig sé amach do sheas sé ag agheata fhéin agus leag sé a dhá lámh ar an bhfalla. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a dh'airig sé fothrom agus ceól agus rí-rá ag deánamh ar ais ár eigint.
    D'imthig an fothrom amach thairis ag ni bhfuigheadh sé aon rud a bhí á rádh nó a bhí ar siubhal acu. Is seata sideóg a bhí ann.
    Fuair mé an sgéal seo ó m'athair. Aos 50 bliadhna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí cailín amuigh sa sliabh fadó agus thit a codladh uirthi. Nuair a bhí sí ina codladh chuaidh airc luachra siar ina scórnach.
    Chuaidh sí abhaile agus d'inis sí do n-a mháthair cad a thit amach. Bhí an bean bocht trí na chéile agus chuaidh sí go dtí an sean draoi a bhí amuigh sa sliabh agus dúirt sé leí tobán bainne úr a fháil agus an cailín a chuir isteach ann agus go dtiochfaidh an airt luachra amach. Dhein sí é sin agus nuair a bhí an cailín leath-uair ins an tobán tháinigh an airt luachra amach agus bhí míle púint casta timpeall air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford