Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 275
- XML “An Bás”
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Lios”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- 1. Comh árd le falla, comh dearg le fuil, comh bán le bainne, comh milis le mil.
Úll.2. Fear fada fionn na seasamh sa ngleanna gan dada ar a cheann ag diabhal agus deamhan.
Feochadán.3. Capaollín bán ag siúl na trágha gan cnámh, gan corp.
Na tonntracha.4. Bean duine donn is bothán ar a dhrom(leanann ar an chéad leathanach eile) - Tá páirc sa Rinn agus ghlaotar Páirc an Leasa air mar tá lios ann.
Tá an páirc seo ag Seán Uí Gríobhtha. Aon lá amháin chuaidh beirt amach chun é a romhar agus ramhan ag an mbeirt acu. Cuir fear amháin an ramhan síos agus bhain sé cuid de. Chuadar isteach chun an dinnéir a ithe. Thug fear amháin leis mar bhí fhios aige go raibh síodhóga síos ann agus chuir an fear eile an ramhan síos ann agus nuair a tháinigh sé amach bhí an ramhan síos ar fad ann.