School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 266
  3. XML “An Péire Bróga”
  4. XML “Na Sióga”
  5. XML “An Seanteampall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht ann fadó agus ceannuig sé péire bróga nua. Chuaidh sé an lá sa ag gearradh aitinn agus péire sean-bhróg a bhí air agus nuair a bhí sé díreach ag tosnú ar é gearradh thug sé scealp den mbilleóg anuas ar a chos agus ghearr sé a ordóg de féin. Chuireadh go dtí an ospidéal é agus an lá a chuaidh a bhean chun é a thabhairt abhaile dúirt sé leí "Bhí an scéal dona go leor ach beadh sé níos measa dá gcuirim mo bhróga nua orm".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear ann fadó agus ní chuireadh aon rud in iúl dó go raibh sióga na liosanna ann. Do bhí sé an oíche seo ag gabháilt thar lios agus bhí fear eile leis. "An chuigheann tú an ceol deas?" arsa an fear eile leis. D'airigh sé é ach níor lig sé air gur airigh sé ar aon chur é agus dúirt sé leis an fear "Níor airigh mé".
    Bhíodar an tarna oíche ag gabhailt thar an lios agus tharraingeadh an fear ná chreid ins na sióga síos san lios agus ní fhacha aoinne ó shoin é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.