School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 232
  3. XML “An Tobar”
  4. XML “Iasc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar tobar a bhí sa tSean Phobul uair. Bhíodh an t-uisce ag teacht aníos as an talamh. Do bhí leigheas as an uisce do phianta. Dá n-ólfá an t-uisce nuair a bheiteá ag dul do chodladh agus pianta a bheith id drom bheadh siad imthighe ar maidin nuair a bheidthá ag éirighe. Nuair a bheadh na daoine ag dul go dtí an tobar fadó fé dhein buidéal uisce, chuiridís pinginí fé chloch ann. Lá amháin bhí beirt ag teacht ón tSean-Phobuil agus thógadar iad. An fhaid a bhí na pinginí acu ní raibh aon ádh leotha. onnsan chaitheadar iad di chur thar-nais..
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí tobar i mbaile Uí Treasnán uair agus tháinig iasc isteach ann. Do bhí an-chuid daoine ag dul fé dhéin uisce. Uair amhainchuaidh bean fé dhéin uisce go dtí an tobar agus thug sí abhaile an t-iasc léi. Nuair a chuaidh sí abhaile chuir sí síos an eorcán ar an teine chun í do bheiriú. Nuair a bhí an corcán ar an teine aici líon sí de uisce é agus do chuir sí an t-iasc isteach ann chun í do bheiriú, Do chuir sí teine mór bataí fé agus do shéid sí fé agus dá mbeadh sí ag séideadh ó shoin ní bhfuigheadh sí an t-iasc do bheiriú. Tar-éis lá a thabhairt á bheiriú chuir sí thar-nais sa tobar arís í. Tar-éis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraoin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford