Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Leigheasanna chun Do Shúile a Leigheas”
  4. XML “Leigheasanna do Phianta i Do Dhroim”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá mbeadh té istigh agat in cupán ar feadh na h-oidhche agus ar maidin buair a bheadh tú chun do breacfast a itheadh, an té do cimilt de'd súile. Caithfeá é sin a dhéanamh ar feadh trí lá as diadh a chéile. Dá mbeadh an stiff a bheadh laistigh de'n ubh nuair a bheadh sé leath beirthe agus é sin do cimilt de'd shúile agus tamaill bheadh siad leighiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Dá mbeadh neanntóga agus gráinne mine agat agus é do bheiriú agus nuair a bheadh siad beiruighthe í do chur in píosa éadaigh agus é do chur le'd dhrom agus é d'fhágaint ann go dtí go mbeadh sé dróidhte agus annsan bheadh sé leighiste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. D'airigh mé seal an oidhche fé dheire mar gheall ar fearaibh a chuaidh ag iascaireacht oidhche Naomh Mártan. Dubhairt gach aoinne leotha gan dul amach sa bhfarrge mar aon bád beag a théigheann amach ag iascaireacht Oidhche Naomh Mártan báithfidhe iad. Ní rabhadar i bhfad amuigh nuair a d'éirigh stoirm úathbhásach agus do bháthadh na daoine agus do dheineadh brus de'n mbád. Níor chuaidh aoinne amach sa bhfarrge ag iascaireacht oidhche
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Churraoin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford