Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 229
- XML “Coifín Óir”
- XML “Scéal”
- XML “Oíche Fhéile Bríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bíodar imthighte tháinig an fear dubh anáirde ós cionn an óir mar madra dubh agus gach oidhche bhíodh sé mar sprid ann. Oidhche do bhí fear a dul síos sa cois agus chonnaic sé an madra agus do dhein sé é do lámhach agus níorbh fhada go bhfuair an fear bás. Ní fheachaidh an madra ó shoin.
- Thimcheall 50 bliain ó shoin tháinig bhean áluinn isteach inaice na coise. Do bháthadh í agus do scuab an taoide isteach í. Do bhí beirt fhear ag dul síos ag bailuighadh triosgar agus chonnaic na fearaibh í agus do bhí fáinní óir ar a méireanna agus ó mhúin óir uirthi. Do bhain na fearaibh ma rudaí óir dhi agus do dhíoladar iad. Fuaireadar a lán airgid ortha agus bhíodar saidhbhir as san amach. Do thugadar an corp go dtí na gárdaí agus dheineadar í do chur.
- Do bhí oidhche fheil Bríghde againn ar-roimh aréir. Chuireann na daoine rud éigint amach chun é do bheannughadh an oidhche sin. Brat bríghde a thugann na sean daoine ar sin. Leigheadeadh sé aon tinneas nuair a bheadh sé beannuighthe ní ceart é do níghe mar ní leigheasadh sé aon tinneas annsan.
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford