School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 216
- XML “Fear agus A Mhac”
- XML “Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear agus a Mhac
Bhí fear ann fadó agus mharb[h]uig sé fear eile agus sé an pionús a chuir an sagart ar ná an chuid eile dá shaoghal a thabhairt ar an b[h]fairrige i mbád beag. Thugadh seabhac(h) biadh chuige gach seachtmhain.
Bhí mac aige agus nuair a bhí sé ag éirighe aosta chuimhnig sé ar a athair agus dubhairt sé go bhfuidheadh sé bád agus dul á d'f[h]eiscint. Bhí sé seachtmhain ar an bhfairrige agus sa deire chonnaic sé é sa mbád beag léim sé isteach chuige agus bhí an bád ró b[h]eag do bheirt agus bhádhadh iad. Fuair mé an sgéal seo ó P[h]ádraig Curraoin. 63 blian. - Lios
Tá lios i mBaile Uí C[h]urraoin agus fadó bhíod[h] an-chuid sid[h]eóga ann agus bhídís ar an mbóthar gach oidhche. An oidhche seo bhí fear ag gabháil síos an bóthar agus dho theaghmhaigh fear an-bheag leis. Tabhair dom píosa tobac arsa an fear beag leis. Níl sé agam arsa an fear eile leis agus bhí fios ag an sidheóg go raibh sé ina phóca aige. Le na linn thuit an fear fuar marbh ar an dtalamh.
Níorbh fhada go dtáinig beirt bhan agus d'iarr an fe[ar] beag píosa tobac ortha. Thugadar do é agus thug sé slat draoid[h]eachta dóibh. Fuair mé an sgéal seo ó Liam Ó Lonáin. 46 blian.
(Seán Ó Lonáin, Maoil an Chóirne, sa Rinn a sgríobh na sceulta so romhainn. Dearbhráthair do Shiobhán is eadh é.)- Collector
- Seán Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Informant
- Liam Ó Lonáin
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford