School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 214
  3. XML “Crota Ropaire”
  4. XML “An Dá Dheartháir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Crota Ropaire
    Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí ar ná Crota Ropaire. Gach oidhche theigheadh sé ag goid agus an méid a ghoidfheadh sé thughadh sé dos na bochta é.
    Aon aoidhche amháin ghoid sé an-chuid airgid agus bhí na píléirí ar a thóir acht ní bhfuaireadar í bhí sé i bhfolach sa sliabh mar is anáirde ar na sléibhte a bhí sé ina chomhnuidhe.
    Aoidhche eile bhíodar á lorg agus bhí sé i bhfolach i gcruach móna agus chuireadar an píce isteach tríd an gcruach a mharbhuigheadar é. Fuair mé an sgéal seo ó m'athair. 56 blian.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. robbers (~423)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Lonáin
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
  2. An dá Dhearbhráthair
    Bhí beirt dearbhráthair ann tamall de b[h]liadhanta ó shin agus bhí tig beag acu in áit an-uaigneach. Ní raibh aon bhó acu agus chaithidís dul go tig feirmeóra gach oidhche fé d[h]éin bainne. Théigheadh an beirt acu le chéile i gcomhnuidhe. Fuair ceann acu bás agus annsan bhíodh an buachaill eile ag imtheacht na aonair fé d[h]éin an bhainne.
    An oidhche seo tháinig a dhearbhráthair chuige ar an slighe. Níor chuir se aon suim ann acht d'imthig sé leis go dtí an tig feirm[e]ora.
    An dara oidhche chonnaic sé arís é agus dhein se an rud céadhna. Acht an tríomhadh h-oidhche c[h]onnaic sé arís é agus d'imthig sé leis go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.