School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 212

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 212

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 212
  3. XML “Tiarna Talún”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fhios ag na daoine sin go raibh na h-ocharacha aige. Tháinig ceann acu amach ar an mbóthar roimhe agus an rán ina lámh aige. Bhfuil tú chun mé a m[h]arbhu arsa an tigearna. Níor dhein an fear acht buile de'n rán a thabhairt do agus é a marbhú ar an bpaiste sin. Dubhairt sé leis an triúr eile buile eile a bhualadh air nuair na beadh an mileán ar fad ar fhéin. Buadar é agus bhí bean ag piocadh na bprátaí agus dubhadar má tá tusa chun innisint orainn taimíd chun an cleas ceana a déanamh leatsa. Ó ní dhéanfhad arsa sí.
    Chuadar go léir go tír éigin eile agus fuaireadar bás an-dhona.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sean-fhocaill
    1. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb.
    2. Bíonn cluasa ar na claid[h]eacha
    3. Bíonn an fhírinne searbh.
    4. Éist le fuaim na h-abhann agus gheobhair breac.
    5. As an obair a gheib[h]tear an fhoghluim.
    6. Tosach maith leath na h-oibre.
    7. Is feárr focal sa chúirt ná púnt sa sprán.
    8. Ní bhíonn an rath acht mar a mbíonn an smacht.
    9. Ní bhíonn buan acht an ceart.
    10. Níl in gach rud acht tamall.
    11. Níl sa saoghal acht ceo agus ní b[h]eimíd beo acht tamall.
    12. Mair a c[h]apaill agus gheobhair féar.
    13. Beidh lá eile ag an bpaorach.
    14. Tiocfhaidh lá fós nuair gur trom le bó a h-earball.
    15. Fallaí fuara a dhéineann bean an tighe s(h)uarach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Lonáin
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Waterford