Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Fear Bocht”
  4. XML “Seán De h-Óra”
  5. XML “Sprideanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Séan de h-Órdha
    Bhí fear ann fadó darb ainm Séan D[e] h-Órdha. Fear an-dhona do b'eadh é. Bhí s[é] ina chómhnuidhe in tig beag, agus ní raibh aoinne leis acht é fhéin. Nuair a bhí sé a[g] fág[h]ailt bháis, dubhairt sé le buachaill dul f[é] dhéin an tsagairt do. D'imthig an buachaill fé dhéin an tsagairt acht ní thiocfhadh sé. Sé an rud a dhein an fear annsan acht a fhaoisidín a scríobh ar dhá chloich. Annsan fuair an fear bás, agus sé an rud a dubhairt an sagart acht go raibh sé fhéin damanta, agus gur chuaidh Seán de h-Órdh[a] go dtí sna flaithis.
    Dheineadh dán mór mar g[h]eall ar an bhf(h)ear san - sé an ainm a bhí ar ná "Faoisidín Fhada Seán De h-Órdha. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. 56 blian d'aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Lonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
  2. Sprideanna
    Bhí fear ann fadó, agus bhí guna mór aige. Theig[h]eadh sé amach gach oidhche, agus thugadh sé an ghuna leis. Aon oidhche amháin chuaidh sé amach, agus bhí sé ag dul thar tig mór agus bhí an áit lán de sprideanna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.