School: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Location:
- Ballymacart, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Faoláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá cloch ogham le feiscint ann leis. Cloch cuibhseach mór isea é. Tá líntí beaga le feiscint ann.Lag na Dhá Sídhe
Tá baile fearann gairid dúinn ar a dtugtar "lag na dhá sídhe". De an mbaile sin tá abha ag eirighe i lios ann. S'é an cúis go bhfuair an baile seo a ainm noch deirtear go raibh troid idir beirt fathach ann in aimsir Fionn Mach Cumhal. Deirtear marthuigheadh an beirt acu agus go bhfuil siad curtha san lios ina bhfuil an abha ag eirighe. Deireann na seandaoine go raibh beirt sidhe le feiscint ann ó am go h-am ina dhiaidh san. Sin é an cúis go bhfuil ainm "Lag na dhá sidhe" ar an áit.Na fir bréige
Thimpeall míle om thgh tá sliabh mór. Ar an sliabh san tá trí clocha móra ina sheasamh suas díreach ann. Tá ceann mór ina lár agus tá dhéanamh uaig gairid don ceann mór. Deirtear gur chorp Fionn Mach Cumhal na trí clocha san ó Bhaile Átha Cliath.
Deirtear nach ceart d'aoinne aon baint a bheith acu leis na clocha sin agus níor bhac aoinne ríomh leo. Thimpeall blian ó shin leag an stoirm an chlcoh mór agus tá sé caite trasna an uaigh ann. Tá poll sa cloch mór agus dén teas nó dén teodhacht a beidh ann beidh uisce sa pholl i gcomhnuidhe.(continues on next page)- Collector
- Máire Breatnach
- Gender
- Female
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford
- Informant
- Seán Breathnach
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chúil Rua, Co. Waterford