School: Baile Dubh (1)

Location:
Ballyduff, Co. Waterford
Teacher:
Bríd Ní Dhúnaighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0638, Page 49

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0638, Page 49

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Dubh (1)
  2. XML Page 49
  3. XML “Paidreacha Seanmhná”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag dul a codladh dhuit abair :
    Luighim ar an leabaidh mar luighim san uaigh
    Deanaim m'fhaoisidín leat, a Íosa, go cruaidh
    Trí gníomhartha mo choirp. trí smaointe mo chroidhe
    Trí amharc mo shúl, tré labhairt mo bhéil
    Trí siubhal mo chos
    Trí gach nidh adubhairt agus ná raibh fíor
    Trí gach nidh gheallas agus nár cóimhlíontas
    Gach nidh do rinneas i gcoinne do dlighe nó do thoile naomhtha
    Iarraim maitheamnas ort, a Rí na Glóire

    Ag eirighe dhuit ar maidin abair :
    Eirighim suas le Dia, go n-éirighidh Dia liom
    Lámha Dé im' thimpeall
    Ag suidhe agus ag luighe agus ag eirighe dhom. Amen.

    Buíochas Dé go dtuillimíd
    Gloire Dé go bhfuighimíd
    Ceolta Dé go gcloisimíd
    Is beatha na naomh go bhfuighimíd

    Anna, máthair Muire, Muire máthair Críost, Sibeul, máthair an Báiste
    Cuirimíd an triúr san idir sinn agus galar na leabthan
    Crann ar cuireadh Críost idir sinn agus an trom-luighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    B Ní Dhúnaighe
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Bean an Phaoraigh
    Gender
    Female