School: Ceapach Chuinn (B.) (roll number 1936)

Location:
Cappoquin, Co. Waterford
Teacher:
Proinnsias Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 89

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0637, Page 89

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceapach Chuinn (B.)
  2. XML Page 89
  3. XML “Crathaigh Sleibhe gCua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dhá brainnse desna Crathaigh i Sliabh Gcua, agus tá fós; na Clann Buidhigh, (Clann Bhruaideadha?) agus Craithigh an Praipín. Bhí na Clanna Buidhigh ana-chumhachtach, agus ba leótha an taobh thiar de Conntae Portláirge ar fad, lá dá rabhadar. Ceann acha, Domhnall Mac Craith, a thóg an mainistir a bhí i nDún na Mainistreacha sa tríomhadh h-aois déag. Thóg an fear so caisleán gairid do'n mainistir, agus bhí an fhothrach le feiscint go dtí le déanaí; b'éigean í a leagaint. Bhí caisleáin eile ag na Crathaigh sa conntae, An Caisleán Chuanach, An Caisleán Riabhach, agus Caisleán Churrach-Cluana. Níl a rian ann anois, ach amháin go bhfuil cuid de Caisleán Churrach-Cluana i n-a sheasamh fós. Ceann desna Clanna Buidhigh ba eadh Pilib Mhac Craith a bhí i gCúirt Churrach na Slaodaí. Sa 17ad aois a mhair Philib, agus bhí sé de cháil ar go raibh meas mór ag gach aoinne air. Ceann de Phaoraigh an Churraigh Mhóir a bhí pósta: Pilib an tSíoda agus Máirín Mhilis a thugtaí ortha. I bFearnán a bhí comhnuidhe ar Philib nuair pósadh é, agus nuair thug sé an bhean óg abhaile leis tar éis mí na meala a chaitheamh, ní raibh aon meas aici ar an tigh. Dubhairt sí go raibh stáblaí ag a h-athair dosna capaill ní b'fhearr ná an t-árus comhnuidhthe bhí ag Pilib. Thosnuigh se annsan ar cúirt a thógaint ag Currach na Slaodaí, agus seacht mbliadhna a bhain sé dhe i thógaint. Fuair sé an oiread san conganta ósna na daoine go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Informant
    Labhrás Ó Cadhla
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    48
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cappoquin, Co. Waterford