School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 225

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 225

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 225
  3. XML “Scoileanna na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scoil i nGleann Garbh i mbliadhain d'fás ár dTighirní i mbliadhain 1843. Baineann san le deallramh go raibh scoil i nGleann Garbh trí bliadhain agus fiche sar a raibh aon scoil i mBaile an Sagart. Bhí scoil dá bhuanadh i mBaile Beagh gairid go leór do áit agus bhaineann sé le deallramh nach raibh aon tabhairt suas ag na daoine ann, sé an rud deiridís na taobh san ná -
    An Baile Beag briste
    Lán d'uisce
    Agus mná gan tuisceant ann.
    Bhí an áit sin ró-ghairid d'on mbaile mór agus ní bhféadfaidís bheith ró-dána ag muanadh na scoile. Aoinne go raibh aon tabhairt suas aige bheag nó mór is go Baile na Sagart a chuaidh sé go dtí an scoil agus is ann a fuair sé é pé ar domhain tabhairt suas a bhí ortha. Ní féadas aon sgoil a bhuanadh annso mar bhí sé ró-ghairid do'n Baile Mór. Is amhladh a bhíodar ag imteacht ó áit go h-áit maidin annso agus lá annsiúd agus bheadh Dia go maith i gcóir na h-oidhche, le slinn agus le cails a dhéinidís a scríobhnóireacht agus an máighistir scoile scríobh sé le cleite gé nó gandal. Ní bhíodh aon bean ag imtheacht leis na máigistirí scoile seo, da réir sin, bhíodh fáilte agus fiche in gach aon áit roimpí, aon áit athugaidís tiormha maghadh leor, fághaidís scoláirí clistw annso agus annsiúd 'na dhiaidh. Bhí an ciall agus tuiscint ag na daoine a bhí ann fadó agus níor deachair ar aon cor iad d'fhoghluim, ach cad do bhí le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Míceál de Lundera
    Gender
    Male
    Address
    Glengarra, Co. Waterford