School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 167
  3. XML “Na Tobair Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá tobair beannuighe le feiscint timcheall na h-áite seo , Tobair Naomh Colmáin agus Tobair Naomh Cárthaigh. Tá obair Naomh Cárthaigh suidhte i Lios Mór. Tá cros ós cionn an tobair i Lios Mór agus tugann alán daoine turus go dtí an tobar an ceathramhad lá déag de mhí na Bealtaine agus ní bhíonn deoc uisce le fágáil ann aon lá eile den bhliain ach an lá sin is amhlaidh a thugann daoine buidéal leo nuair a bhíonn siad ag dul go dtí an tobar agus tógann siad an uisce aníos. Tá tobar beannuighe eile i gCarraig na nGadhar agus tobair Naomh Colmáin an ainm atá air. Bhí crann mór árd in aice an tobair sin fadó agus deirtear gur codhail Naohm Colmáin fé scáth an chrainn san oidhche amháin agus nuair dhúisigh sé ar maidin ní raibh aon uisge aige i gcóir an tae agus d'éirigh an tobar ann agus tugtar tobar Naomh Colmáin air ó shoin. Téigheann alán daoine go dtí an tobar sin Domhnach Cásga agus deireann siad a lán paidreacha. Tá sé suidhte i lár choill. Tá fréam an orainn in a sheasamh fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ó Gríobta
    Gender
    Male
    Address
    Glengarra, Co. Waterford