Scoil: Toomore (uimhir rolla 16401)
- Suíomh:
- Toomore, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 4. Nuair a bhíonn solus glas ins an teine deirtear go bhfuil é sin comhartha fearthainne.
5. Nuair a bhíonn fáinne thart ar an ngealaigh is comhartha feartainne e sin.
6. Nuair a bhíonn ceó ar abhainn deirtear go bhfuil sioc ag teach.
7. Nuair a bhíonn scamaillí bhána ar Néiphin sin é comhartha stoirme.
8. Nuair a luigheann an mada in aice na teine sin comhartha fearthainne.
9. Nuair a fheiceann duine an bogha gréine ar oidhche an Sathairn is comhartha fearthainne é sin.
10. Nuair a bhíonn ceo ar na sléibhte is comhartha é go mbéidh droch aimsear againn agus nuair a bhíonn ceo ar na haibhne is comhartha é go mbéidh aimsear mhaith againn.
11. Nuair a bhíonn deatach ag dul suas go díreach is comhartha é go mbéidh fearthainn againn acht nuair a bíonn sé ag dul(leanann ar an chéad leathanach eile)