School: Leath-árdán
- Location:
- Lahardaun, Co. Mayo
- Teacher: Máirtín Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leath-árdán
- XML Page 3
- XML “Tobar Naomh Finánn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar naomhtha, beag, deas suidhthe í mbaile Bófeenaun. Tugtar tobar Naomh-Finánn ar an tobar seo. Téigheann go leor daoine go dtí an tobar sin gach samhradh ag déanamh turas naomhtha chun onóir a thabhairt do naomh-Finánn.
Téigheann na daoine thart timcheall an tobhair trí h-uaire, agus deireann siad Urnuighe na Tíghearna, seacht n-uaire, Fáilte an Aingil seacht n-uaire, agus Glóire go nAthair seacht n-uaire.
Tá abha beag in aiche an tobair, agus nuair a bhíonn an turas naomhtha déanta achu, téigheann siad go dtí an abhainn, agus nígheann siad a néadain, agus a lámha ann.
Nuair a bhíonn an méid sin déanta achu, téigheann siad go dtí an tobar arís, agus ólann siad cuid de'n uisge.
Má thósuigheann an tobar ag fuichadh deireann na daoine go mbíonn tairbhe as an turas naomhtha sin.
Fágann na daoine earraidhe beaga ar an Áltóir, agus tá an áltóir sin thart timcheall an tobair.
Tá sean mainistir ar an taobh thiar de'n tobar.- Collector
- Idhe Ní Corcráin
- Gender
- Female
- Address
- Caffoley, Co. Mayo