School: An Cheathrú Mhór
- Location:
- Carrowmore, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Glacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cheathrú Mhór
- XML Page 45
- XML “Séipéal Leacan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ní bhéidh sé i bhfad mar sin," arsa an Coirnéal.Go moch lá ar na bhárach chuir sé saor cloiche agus fear freastail air, agus rinne siad suas an doras le clocha agus muirtéal. Maidean lá ar na bhárach bhí an doras fosgailte, agus ní raibh cloch ná muirtéal in aon áit. Bhí fearg mhór ar an gCoirnéal. Chuir sé na fir arís ag dúnadh an dorais. Lá ar na bhárach ba é an sgéal céadhna é. Bhí na clocha imighthe agus an doras fosgailte. Dubhairt sé le na fir é a déanamh suas arí, "agus m'fhochal díobh air" ar seisean, "ní bhéidh sé fosgailte anocht." Nuair a tháinig an oidhche thug sé a ghuna leis agus chuaidh sé i bhfolach taobh thiar d'fhalla an t-seipéil. Timcheall a trí a' chlog ins an oidhche tháinig sé isteach go dtí an Caisleán agus é as a chiall ag ithe a dualainní (?). B'éigin do na seirbhíntí é a changailt nó d'iosfadh sé e féin. Lá ar na bharach bhí an doras fosgailte agus seachtmhain ón lá sin bhí an Coirnéal ina chorp.I bhfad ina dhiaidh sin bhí sean-fhear darbh ainm Ó Ceallaigh a' fághail bháis. Ní raibh mórán le rádh ag an bhfear seo ariamh agus tugadh an "fear dorcha Ó Cheallaigh" air. Ar seisean leis an t-sagairt, "tá sgéal le h-innseacht agam(continues on next page)
- Collector
- Áine Ni Giolla Riogh
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Loinn
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cappagh, Co. Mayo