School: An Cheathrú Mhór

Location:
Carrowmore, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Glacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0141, Page 10

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0141, Page 10

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cheathrú Mhór
  2. XML Page 10
  3. XML “Taibhse Cheathrú Choillín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arsa an bean. "Féach idir dhá chluais an chapall romhat agus má fheiceann tú tadaí déan cómhartha na croise". D'fhéach an fear mar ordúghadh dhó agus chonnaic sé tais roimhe insan mbóithrín. Rinne sé cómhartha na croise idir dhá chluais an chapall agus chuaidh sé ar aghaidh annsin.
    Thárla leobhtha go maith go dtáinig siad go Aba-an- Crot. Sheas an capall annsin arís, agus d'fhéach an fear agus chonnaic sé taidhbse ar bhruach an chnocáin. Rinne sé cómhartha na croise arís, agus chuaidh an chapall treasna na h-abhann. D'éirigh sé cos in áirde leis agus an bromach ina dhiaidh, go dtáinig sé go dtí an tigh i gCeathrú Mór. Nuair shroich siad an teach, chaith an capall an fear agus an bhean ar carn aolaigh a bhí taobh amuigh den doras, agus chuaidh sé féin agus an bromach isteach sa teach.
    "Cuirfidh mé amach iad" arsa an fear. "Ná chuir" arsa an bhean. "Béidh siad marbh ar maidin má chuireann tú amach iad". Fágadh annsin iad ag breacadh an lae.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Carrowkilleen, Co. Mayo
    Collector
    Áine Ní Giolla Ríogh
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Slatehill, Co. Mayo