School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fionn, Oisín 7 BranNuair a bhí na Fianna go léir i gcuideachtain bhí buachaill madaidh aca darab ainm Conán. Maidín amháin chuaidh sé amach ag tabhairt bidh do na madraí. Fuair sé coileán óg a thaithnigh go maith leis. "Beidh tusa i do mhadadh maith lá éigin" ar seisean. Annsin chuir sé an coileán in áit dó féin 7 thug sé aire maith dó ar feadh míosa.Nuair a bhí am mhí caithte chuir sé croiceann gabhair ar cheann mhaide céad troigh ar aoirde. Thug sé amach an coileán 7 chaith sé suas ar an chroiceann é. Choinnigh sé greim ar an gcroiceann.Nuair a chonnaic Conán seo thoisigh sé ag gáire. "Ní raibh mé amugha ar seisean nuair adubhairt(continues on next page)