School: Baile an Chaisil C., Clochar na Trócaire
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Aingeal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá mé ag lorg do leithéid anois," ar san Rí, "mar tá mé ag tógáil caisleáin agus an méíd a tógtar 'san lá bíónn sé leagtha arís ar maidin." "Tá an fear cart agat anois" arsan leaidín beag agus chuaidh sé abhaile leis an Rí.An cheád oidhche do chuaidh an leaidín amach. Bhí faitchios mór air agus cad a rinne sé acht dul suas ar an bhfuinneóíg do b'aoirde do bhí ann. Níórbh fhada gur chuala sé an torann mór agus chonnaic sé an bheirt fhathach ag teacht. Chuaidh duine des na fathaighsuas ar bhárr an chaisleáin agus thosuigh sé ag caitheamh cloch síos chuig an fathach eile do bhí thíos ar an dtalamh agus bhí seisean ghá gcaitheamh amach 'sa bhfairrge.Cad do rinne an leaidín beag acht a thosnú ag caitheadh méaróg síos leis an bhfathach a bhí ar an dtalamh. Dhearc seisean suas agus chuaidh ceann aca isteach in a bhéal. Tháinig fearg mór air agus dubhairt leis an bhfear a bhí thuas - "Cé'n fáth go bhfuil tú(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó hÉilighe
- Gender
- Male
- Address
- Rathoonagh, Co. Mayo