School: Ballycastle Boys' (roll number 14290)
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ballycastle Boys'
- XML Page 092
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad an buachlán liath agus buaclán buidhe is mo a dheanann dioghbháil ar talamh na n-daine (?), sin gray ragwork, yellow ragwork. Bíonn pór ag fas ortha agus beadh an mhacaire líonta leis an pór sin i gceann cúpla bliadhain muna dtairrngeocfaid as an dtalamh iad sul a mbeadh siad aibidh. Connuightear barr an buachlánn buidhe agus tiormuightear é agus cuirtear é lé loc a bhíonns ar na daoinib. Sé luibh eile fuachnán. Nuair a fhásann go leor lé céile ní féidir aon bárr a bhaint i gceart. Fadó bhíodh na daoine ag baint fuachnán agus a mbruith cun tabhairt don na mucaí.Luibh 'seadh Fearbhán. Deantar ceirthín den fear bhan cun cur ar goiríní. Sé samha luibh eile. Bhíod daoine ag ithe samha fadó. Luibh 'seadh slánlus. Ithtear é agus cuirtear ar gearradh freisin é. Nuair a bhíodh sidheóga ag tabhairt daoine saoghalta leó fadó déáfadh siad capall(?) dóíbh as an mbuachlánn buidhe. Luibh iseadh casarban. Ithtear é. Luibheanna iseadh leamhnach buidhe. Deirtear go bhfuil leigheas ins an subh atá lé h-aghaidh goiríní. Luibh iseadh marmán. Tá leigheas ann lé h-aghaidh borradh-phéist.(continues on next page)
- Collector
- Finián De Búrca
- Gender
- Male
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo