Is iongantach an sport é ag leanamhaint an ghrrfiadh. Bíonn sport mór ag uasal ag íseal gá leanamhaint. Is breágh an radhairc é ag faire ar a a gcon in a dhiaidh an girriadh. Tá an girrfiadh déanta le h-agaidh na seilge. Tá a dhá chois deirighe níos fuaidhe na a dhá cois tosnuighe agus ar an ádbbhar sin tá sé indán rith in aghaidh an Chnuic níos fearr na fánaidhe an Chnuic.
Tá a chuid súl duidhte in aice ar chúl a chinn agus ar an adbhbar sin féadann sé an chú a fhéiceál ag rith in a dhiaidh. Ta an girrfiadh an treithreach. Nuair a thigeann's an chú suas leis déanann sé cor anonn sa anall agus in amanta luigheann sí ar an dtalamh agus léimeann an chú amach tharais.
Ainm an duine a thug dhom é.
Pádhraigh Mac Suibhne,
Cill Fhir Dubh,
Baile An Chaislil
24 adh Eanair, 1938,
Ughdar,
Martán O'Dochartaigh, (65years)