School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 584

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 584

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 584
  3. XML “Scéal Géarleanúna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. i bPoll an Aifrinn fadó thiocfhadh Sagart san oidhche agus léighfheadh sé Aifreann ann. Annsin sul dtuigeadh an mhaidin théigheadh sé arais arís agus théigheadh sé go h-áit in a raibh poll mór faoi chrúach mónad "An Cathaoirín Geall" a bhí mar ainm air. An oidhche eile théigheadh sé go háit dárbh ainm "Gleann Lasara" agus léigheadh sé Aifreann le haghaidh na gCaitilicigh. Rinneadh spíodóíreacht ar agus cuireadh Seán a Sagart (Seán Ó Maoldhomhnaigh) ar an té a rinne spíodóíreacht mar leas ainm.
    Bhí fear in a chómnaidhe inaice an t-Sagairt agus Seán Úi Túáthbhaill a bhí mar ainm air. Ní raibh fhios ag aoinne acht an bhfear seo go raibh an Sagart annseo. Bhí Seán bocht ag tabhairt a chuid bídh don tSagart seo agus bhí sé ag tabhairt freastal dhó san Aifreann. Déirigh Seán bocht tinne agus bhí sé ag fághail bháis. Ní raibh fhios ag a mhach cén áit a bfuighfheadh sé Sagart cun an Ola Dheidheanach a cur air. Núair a bhí a mhac ag dul amach an doras dúbhairt Sean leis, "Anois a mhic innseóchadh dhuit an áit a geobhfhaidh tú Sagart. "Téirigh súas an Cathaoirín Geall agus geobhfhaidh tú Sagart i bpoll faoí crúách mhónadh agus leac ós a cionn. Abair leis gur tusa mac Seáin Uí Túathbhaill agus go bhfuil d'athair ag fághail bháis." Dfan sé annsin go bhfuair sé bás. Nuair a bhí sé curtha dúbhairt an Sagart lémac Sheáin freastal a thabhairt dhó san Aifrinn agus a chuidh bhídh a thabhairt dhó. Rinne an gasúr sin ar feadh seacht mbliana. Annsin cuireadh focal amach go raibh an Sagart ag fanacht in san gCathaoirín Gheall agus go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Praodháil
    Gender
    Male
    Address
    Ballyglass, Co. Mayo
    Informant
    Pádhraig Mac Cúrtán
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Ballyknock, Co. Mayo