School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 581

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 581

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 581
  3. XML “Géarleanúint”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé timceall 300 céad blian ó shoin ó leigheadh Aifreann i dteampall Dún Éinigh. Sé an t-Athair Ó Doncadha an sagart pharáiste a bí ann an uair sin b'é an sagart deirneach a leigheadh Aifreann ann. Annsin cuireadh an ruaig air agus b'eigin dó dul ar a theicheadh ó'n námhad. Rinne muinntir Dún Éinig uaigh dhó faoi talamh ar bárr chnuich Dún Éinigh agus rinne siad cruac mhónadh ós cionn na h-uaighe agus ní raibh fhios ag aos óg na h-áite an raibh sé ins an uaigh acht bhí fhios ag na sean daoine air. Léigh sé trí Aifrinn uair ammáin lá Nodlag i dtrí bparáiste léig sé an chéad Aifrinn san meadon oidhche i dteampall Dún Éinigh agus léig sé an dara Aifreann i bparáiste Cill Chuimin agus léigh sé an tríomadh Aifrinn i bparáiste na h-Achamhadh in Iorrus. Cailleadh é i bparáiste na h-Achamhadh. Bhí muinntir na dtrí bparáiste ar a shocraigh an lá sin agus bí gach dream acha arais in-a náit féin sa tráthnóna.
    Seo é an chaoi a ndearnadh é. D'fhág muinntir na h-Achamadh a chorp i bparáiste Cill Chuimin agus d'fhág muinntir paráiste Cill Chuimin i bparáiste Dún Éinig é agus diompar muinntir Dún Éinig go Mainistir na Maidhne é agus annsin a h-adlacadh é agus bí muinntir na dtrí paráiste arais in-a bparáiste féin sa trathnóna. Bhí teampall Dun Éinigh bán ar feadh i bfadh. Ní raibh aon sagart ann le Aifreann a rádh ann. Leaghadh an teampall le saigdiúirí "Cromwell." Annsin thug Nocsaidhe an Casileán Raobhaigh na Prodastúnaig isteach cun
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nodlaig Mac Conamara
    Gender
    Male
    Address
    Killerduff, Co. Mayo
    Informant
    Martán Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Killerduff, Co. Mayo