School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 565
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)n-éireochadh sé bog lobta. Annsin sgaireadh sé amach é no chuireadh sé ar sgonnsaí e agus le meanghaí cuirfeadh sé pollanna ann a leigeadh an Cháith amach as an choirce
LÍNN'éis bainte do'n lín chuirtí i bpoll uisge é nó san bportach dá mbféidir dóbhtha. Fágtaí annsin é go ceann dhá lá dheug. Tógtaí annsin é agus ceangaltaoí i punnannaibh é. Deantaoí cruach dhe (Cuirtí suas an simléir fadó é agus fágtaoi annin é go ceann fiche is ceithre h-uaire nó mar sin. Thosuigheadh bean an tighe 'á sliseadh. Sin é lé rádh go mbuailfeadh sí le slis é go mbrisfidhe an charraigh ó'n lín agus go ndéanfadh sí sliseanna lín dhe. Bhiodh lín garbh ann annsin. Buailtí ar slinne é mar seo, - Cuirtí treasna an lín agus buailtí le slis lín é go mbainfí an barrach as. N'éis sin cuirtí i tlú é agus n'dhiaidh 'á cur trí trí tuisil é bheadh sé réidh le sníomh le túirnín lín. Anrait a tugadh ar an lín mín. Cuirtí dath lé preumha. An figheadóir a dheunadh an anairt dhe le na sheol.Bhí muileann i gCrot inaice Bhaile an Chaisil le bréídín a dheanamh. Bhiodh an bhréidín á phreasáíl ar feadh trí seactmhaine. Thiocfadh na táilliúirí 'un tighe cun culaith a dheunamh.
ó Mhícheal Breathnach
Cnoc Leaca Liagha- Collector
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Gortatoor, Co. Mayo
- Informant
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo