School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 564

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 564

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 564
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. DEALADÓIR
    Siúinéar a dhéanadh tuirnín lín agus tuirnín olna - (Pádhraic O Coilean)

    PREASADÓIR
    Fear ag a mbíodh Pris. Tugtaoí adhbair cuilteacha agus flainín dhó agus dhéunadh sé mín é - (Seán Mac h-Éil, Carraig-an-Eas). Néis teacht ón bhfiaghadóir bhiodh an flainín garbh agus dhéunadh eiseann mín é.

    AN PREAS
    Comh mór le bord beag agus déunta as iarainn. Bhíodh lámh faoi an mbord. Cuireadh sé an flainín ar bhárr iarainn mar leac agus píosa páipéir idir an t-iarrann agus an flainín. Cuireadh sé píosa eile ós cionn an flainín agus leat iarainn eile ós cionn sin. Casadh sé an lámh agus de réir is a casadh sé bhiodh an flainín á chur amach ar an taobh eile agus é mín sleamhain. Phresáileadh sé bréidín fresin agus ní leigeadh sé isteach aon bhraon.

    (TUISEALÓIR) Sistleadóir (?)
    Thagadh eisean thart le dhá sisteal - ceann mín agus ceann garbh ar túis agus annsin leis an tuiseal mhín. N'éis dul dhó tríd an tuiseal garbh bhiodar sgáth nó bairreach bainte de'n lín. Déantaoí adhbhair cuilteacha agus tochtanna leis an tuiseal garbh - Déantaoí bráithlíní agus léintreacha agus tuáiltí as an anairt. Nuair a chuireadh sé an lín tríd an thuiseal mín bhiodh anairt fágtha,
    mar a deurtaoi san amrán
    "Sisteal garbh is mín a dóirfeadh do bean an tighe,
    A ghlanfadh a cuid lín san bhFoghmhair."

    RILLEADÓÍR
    Fear a dhéunadh Rilleáin as craiceann na gcaorach. D'fhághádh sé craiceann agus chuireadh sé shíos sa bportach é go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Gortatoor, Co. Mayo
    Informant
    Mícheál Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Lackanhill, Co. Mayo