Suidhe Fionn
Ainm Ráth atá ar Chnoch Leacha Liatha. Tá poll faoi thalamh ann agus chuaidh beirt de Muintear Búrchaigh as Gort an Tuair síos ann cúpla blian ó shoin. Fuair siad cnámha chapaill shíos ann ach b'éigin do teacht aníos mar chuir an ghaoth an solas as. Deirtear gur cuireadh taosach darbh ainm dó Fionn annsin le na chapall agus a chú.
LIOS BHRAIN
Timcheall dhá mhíle ó Suidhe Fionn, agus in aice bágh Bun an Tracair. Fuair an áit a h-ainm ó "Bran" Chú Fhinn. Tá ráth ann.
CNOCH SCEOLÁN
Níos fuidhe siar ins na sliabhtha. Fuair an áit a h-ainm ó "Sceolán" Cú Fhinn.
RATH AIBÍSGÍN
Taobh shiar de Baile an Chaisil. Deirtear go bhfuair sé a h-ainm duine de na Fiannaibh.
CLOCH an EOLAIS
Ar bhárr Cnuich Ceatramha (?) Sheáin taobh shoir de Bhaile an Caisil - cloch cearnógach nach bhfuil ro-árd í seo agus ar a bfuil ceithre coirnéil. Ceann O Thuaidh, Ceann Ó Dheas, Ceann Siar agus Ceann Shoir. Cuireadh ann í fado le daoine a threorú ar a mbealach treasna na sleíbhte
GORT an TUAIR nó GORT an IUBHAIR
Timceall dhá mhíle taobh soir theas de Baile an Caisil.
Deireann na sean daoine nach dócha gur Tuar nó (?) talamh le éadaigh a sgarmhaint uirri le linn
(continues on next page)