School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá caisleán suidhte i naice abhann Baile an Ghleanna. Níl acht na ballaí ann anois.Timcheall dá chead blian ó shoin bhí go leor saidhiuirí ann. Timcheall an ám sín bhí na Barraidigh agus na Lioniothaig go go láidir san bparáíste seo. Bhí troid mór aca i naice an chaisléain. Fuair na Barraidig an láimh láidirorra.Tá na ballí cluidthe le eideann anois. Tá go leor poll faoi agus deirtear gur nuair a tainig na saidhiuirí go ndeacadh na daoine síos ins na pollaí seo.
- Collector
- Pádhraich Ó Líonnáin
- Gender
- Male
- Address
- Ballycastle, Co. Mayo
- Informant
- Bean Uí Lionnáin
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- Ballycastle, Co. Mayo
- Tá carraigh mór timceall míle on m'baile seo agus ta go leor sgealta fuithí. Seo ceann aca.
Deirtear nuair a bhí naomh Pádhraic ag dul thart an paráiste seo go raibh bean olc ag dul freisin.
Lá amhain chonnaic naomh Pádhraich an bean seo ag dul suais an ghleann agus gur thug se carraig iní laimh amháin agus gur chait se an carraig leis an mhnaoi. Thuit an charraig ar an mhnaoi agus deirtear go bfuil an bhean fuithi fós.
Tá an charraig annsin go fóill lé gach uile dhuine a fheicéal. Tugtar an Gearán Ban uirrí.