School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fháinne agus ní raibh i bhfad ann go dtáinic an Sprid. Níor fhéud sé teacht níos giorra dhó ná an líne a ghearr sé leis an t-slait. "Caithfidh tú imteacht anois" ars Dáithe Bán leis an Sprid "go dtí an áit as ar tháinig tú". "Caithfidh spás dhá uair a thabhairt dom" ars an Sprid. "Ní tiubhraidh" arsa Dáithe. Ar deireadh thug sé spás leat-uaire dhó. Bhí a sháith aitbmhéala air in a dhiaidh. Chuaidh an Sprid go bárr an chnuic agus tháinig anuas mar tarbh mór fiadhán ag buairthigh is ag gáirthíl, ach sheas Dáithe go Daingean taobh istigh de'n sgousa. Na dhiaidh sin tháinig sé anuas an cnoch mar mada mór fiadhán. Rinne sé gach nidh gur féidir leis ar feadh leat-uaire ag iarraidh Dáithí a sgannrughadh. Dá bhfuigheadh sé taobh amuigh de'n chearcail é mharbhóchadh sé é. Nuair a bhí an t-am caitthe b'éigin dó imteacht. Sguab sé leis gach greim fraoch, bhí in a bhealach. Chuaidh treasna loch agus cuir an t-uisge san aer. Níor thug sé aon trioblóid do Dháithe Bán na dhiaidh sin. Tugtar mar ainm ar an loch "Loch Dáithidh Bháin"
- Collector
- Máirín Bean an Bhúrcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo