Scoil: Baile an Chaisil B.

Suíomh:
Ballycastle, Co. Mayo
Múinteoir:
Mícheál de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 506

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 506

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Chaisil B.
  2. XML Leathanach 506
  3. XML “Scéal - Bean as Lorg na gCon”
  4. XML “Fear as Lorg na gCon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amain bhí fear in a comhnuighe i Lorg Na gCon. Chuaidh se amach go mall oidhche gheal. Bhí líos in áice na h-áite.
    Mártan an tainm a bhí ar an bhfear seo. Connaic sé fir agus capaillí isthigh ins an líos. Cótaí dearga a bhí ar na firibh. Ní raibh Mártan sásta go rachadh sé chomh fada le na fir. Nuair a chonnaiceadar Mártan do léim ceann aca siós ón a chapall. Thug sé buile do bhúachalán agus rinne sé beireach dhé. "Anois" arsa fear "gabh suas ar an mbeireach agus ná fosgail do bhéal go dtiocfaidh tú arís annseo, arís." Bhí píosa tobac i mbéal Mártain agus níorbh fhéidir leis é a chaitheamh amach. Do léim an bheireach an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamús Ó Mocháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Largan, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Séan Mach Giollarnáth
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Largan, Co. Mayo