School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 505

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 505

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 505
  3. XML “Scéal - Bean as Lorg na gCon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amáin bí bean in a comhnuidhe inaice na h-áite seo. Bhí sí tughtha le tobac. Níor thug sí gaill tobac go duine ar bith ariamh. Chúireadh sí an píopa in a pota gach uair dthéigeadh sí amach. Fuair a fear bás nuair a bhí sé óg agus ní raibh móran brón uirri in a dhiaidh.
    Cúpla bliadhna in éis an bháis coinneachthas é. Bhí fear ag teacht abaile ó'n mbaile Mór oidhche dorcha. Tárla go raibh air dul treasna abhann. Bhí sgrait glas ar bhruach na h-aibhinne agus do léim sé air. Tháinig an fear a bhí mar aníos ó'n sgraith. "Ní leigfir go Flaitis mé go bhfuigidh tusa trí gaill tobac ó mo mnaoi" arsan bhfear a bhí marbhadh. D'imthigh an fear go teach na mná. Ní raibh sé i bhfad san dteach gur leig sé air fhéin gur raibh sé ag fághail bháis. Tug an bhean gaill tobac dhó agus d'éirig sé go maith arís. Rinne sé an rud sin trí h-uaire agus fuair sé trí gaill tobach. Nuair a d'éirigh sé go maith an tríomhadh uair d'innis sé d'on
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamús Ó Mocháin
    Gender
    Male
    Address
    Largan, Co. Mayo
    Informant
    Seán Mach Giollarnáth
    Gender
    Male
    Age
    90
    Address
    Largan, Co. Mayo