School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 503

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 503

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 503
  3. XML “Scéal - Ciste Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear bocht in-a chomhnuidhe i dTír Amhlaidhe i gCondae Mhuigheo. Bhí sé an bhocht. Oidhche amháin bhí brionglóíd aige dá (?) dtéígheadh sé go Droichead Luimnigh go bhfuigheadh sé crocha óír (?) ann. Rinne sé brionglóíd ar an crocha óír trí oidhche in-a dhiaidh a céíle. D'innis sé an sgéal faoi mbrionglóíd dhá mnaoi agus dubhairt sé léithi go dtriallfeadh sé go Droiceadh Luimnigh le suíl go bfuighfeadh sé an crocha óír. Rinne a bhean toirtín mine coirce dhó mar lón a beith leis le nithe ar an aistir fada a bhí roimhe. D'éirigh sé go moch ar maidin lár na bhárach agus bhuail sé an bóthar amach go Droiceadh Luimnigh. Ní dhearna sé stad ná mór-chomhnuidhe go ndeachaidh sé chomh fada le Droichead Luimnigh agus sheas sé ar an Droicead ar fead an lae. Ní fhuair sé an crocha óír. Nuair a bhí sé in-aice connascar na h-oidhche bí tuirse mór ar an bhfear bocht tar-éis an t-siubhal a bhí déanta aige. Thóg sé lóísdín i dteach óstáid a bhí in-aice le Droicheadh Mór Luimnigh. Codhail sé go sáimh an oidhche sin agus d'éirig sé go moch maidin lár na bárach agus sheas sé ins an áit céádna ar an Droicead. Caith sé an dara lá ann acht ní fhacha sé nó ní fhuair. Bhí teach greasaidhe in-aice leis an Droiceadh agus bhí an greasaidhe ag obair in-aice na fuinneóige. Bhíodh sé corr uair ag faire amach ar an bfuinneóíg agus connaich sé an fear bocht in-a sheasamh ar an Droichead. Chuaidh an greasaidhe chomh fada leis an bhfear a bhí in-a sheasamh ar an Droiceadh agus bheannuigheadar dhá chéile. Labhair an greasaidhe leis an bhfear. "Feicim thú in-do sheasamh annseo ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Noel Mac Conamara
    Gender
    Male
    Address
    Killerduff, Co. Mayo
    Informant
    Mártan Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Killerduff, Co. Mayo