I Sé fáth mo bhuadhartha nach d'fághaim cead cuarta Ins na ngleanntán uaigneach a mbíonn mo ghrádh Bíonn mil ar luachar ann agus im ar uachtar I dtús in fhuaicht i bhíos na crainn faoi bláth. Níl gaoth a dtuaidh ann níl fearthinn buan ann Tá chaltadh is cuan ag luing is ag bád Tá tilleadh buaidh ann níl turus na cruaice ann. An té a deanfadh suas le na mhúirnín bán. II Níl ar sliabh ná ar mínleach atá stór mo croidhe-se Ach ar thaltaibh aoibhinn i dtig thorthaí ar crainn Bíonn an cuach go h-aoibhinn ar bárr na craoibhe ann Tá an cruineacht maol is an coirce bán. Bíonn an fiadh is a laoigh ann tá brich na sgaot Ta an ealla go h-aoibhinn ar an loch is é ag snámh Tá an meach lágach crionna in-a nead go díonmar Tá an coileach fraoigh ann in chearc is h-ál. III Is ar sliabh go cinnte atá stór mo croide-sa Is ní chodluighim oidhche acht ag déanamh bróin Sí cum an t-sioda í; 'sí méara mín'í; Béal tanaidhe dilis agus mheall sí an lán Bá bhinne liom uaim í is na gleanntaibh ar uaighneas Ná ceileabhar cuaiche is ná ceol na n-éan Is go mb'fhearr liom ó'n uair sin dhá mbudh liom an stuaidh bhean Ná lámh in-uachtar ar Clainne Gaedheal.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »