School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 476
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Úair amháin bhí sean bhean san Ghleann agus bhí sí in-ann girrfiadh i dhéánadh díthe féín. Gach maidin bhíodh sin amuigh mar girrfiadh ag bleagh gach bó a bhíodh thart an áit sin.Bhíod na daoine ag smaoineadh nach raibh aon mhaith ins na buaibh a bhí achú. Do dhíol siad na ba sin agus cheannuigh siad cinn eile agus ní raibh mórán bainne achú acht an oiread.Bhí feilmeór ann agus ní raibh aon bhainne aige. Níor chodail sé an oidhche seo agus go moch la ar na bhárach chuaidh sé go dtí an pháirc in a raibh na ba.Nuair a tháinic sé go dtí na ba chonnaich sé girrfiadh inaice ceann de na buaibh. Nuair a chonnaich an girrfiadh é as go bráth leis.Chuaidh sé abhaile agus dubhairt sé lé na mhnaoí an rud a chonnaic sé. D'innis sé an sgéal do na comhursanaibh.Annsin fúair siad gach cú a bhíthart an áit sin. Maidin lá ar na bhárach chuaidh siad amach agus bhí an girrfiadh ann san bpáirc ag tabhairt an bhainne ó'n na buaibh.Do leig na daoine amach na coin agus as go bráh leis an giorruigh. Nuair a cheap ceann de na chú suas chun girrfiadh bhain sé béic as acht d'imthigh an girrfiadh uaidh arís.Chuaidh an girrfiadh isteach i sean teach a bhí ar thaobh an bhóthair. Nuair a tháinig na fir chomh fada leis an dteach chuaidh siad isteach agus chonnaic siad sean bhean inaiche na teineadh agus í ag cur fola.Tar éis sin bhí go leór bainne ag na buaibh agus bhí fhios ag na daoine gur an sean-bhean a bhí ag bleagh na mbó.(continues on next page)
- Collector
- Breandhán Mac Aindrías
- Gender
- Male
- Address
- Ballycastle, Co. Mayo
- Informant
- Liam Ó hÉaluighe
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Cappagh, Co. Mayo