School: Baile an Chaisil B.

Location:
Ballycastle, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 469

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 469

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Chaisil B.
  2. XML Page 469
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí airm Ghuaire a bhí sa dhun ag fághail lamh in uachtair orra, agus thoisigh airm an Easbuig ag druidim siar, mar eadh, lean airm anRíógha iad. Mealuigheadh trí criatrach agus trí portach iad agus nuair bhí a neart contabhairt ann, tháinig an dara leith d'airm an Easbuig in a ndiaidh, agus ní raibh aondul amach ag airm an Riógha. Marbhuigheadh gach mach mathair dhíóbh agus Guaire na measc. Cuireadh iad agus a ríógh. Rinneadh puill agus cuiread ochtmhar no naonbhar dhíobh i ngach ceann. Cuireadh "Carn" os cionn gach uaighe. Tá na cárnán le feiceál go fóíll. Tá rían an dúna idir an "Cathairlín Geal" agus an fhairrge.
    Deirtear gur san t-SEACHTMADH aois a thárla sé seo.

    DÚN GUAIR (Ghuaire) - Tá poll nó pluais ar a tugtar Dún Guaire i gCill Bhrighídhe, thimcheall mile ó Dhún Éinigh. Deirtear gur in am chogaidh nach marbochaidhe go deó duine a rachais isteach san phluais sin. Chuaidh mada síos an tráth agus an oidhche sin cualadh é ag tafaint shíos faoín talamh, ag Ceathramha an Éadain, thimcheall is míle ó'n áit a ndeachaidh sé síos.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Bean de Búrca
    Gender
    Female
    Informant
    Mártán Maol Fhabhaill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Doonfeeny Lower, Co. Mayo