School: Béal Dearg (roll number 11582)

Location:
Béal Deirg Mór, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mac Conghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 442

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 442

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Dearg
  2. XML Page 442
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé a bosca agus chuir sé áthas ar a croidhe mar shíl sé gur seoda a bhí ann. Fuair se an bosca agus thug sé abaile é agus nuair a d'oscail sé é fuair sé an páiste beo istigh ann. Ní raibh aon clann ag an táilliúir féin agus thóg sé an gasúr chomh maith a's da mba leis feín é. D'fás sé agus nuair a bhí sé in aois a heacht bliadhain bhí sé chomh mór le buachaill ceithre bliadhna déag agus in aois a cheithre mbliadhna déag bhí sé chomh mór agus chomh láidir le fear a bith. Timceall an ama seo tháinig an rí thart ag bailiú cíosa arís agus chonnaic se an gasúr.
    Chuir sé iongnadh air mar bhí fios aige nach raibh aon cloinn ag an tailliúir feín. D'fiafruigh sé dé cérbh leis é agus dubhairt an táilliúir gurbh leis féin é acht níor creid an rí é.
    Bhí fios aige gurb é an gasúr é a chaith sé amac san abainn agus ba mhaith leis deireadh a chur leis! Dubhairt sé leis an táilliúir go raibh teachtaireacht beag le déanamh aige agus go mba mhaith leis dá leigfeadh sé don gasur é a deanamh dó. Cé nach raibh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Réagáin
    Gender
    Male
    Address
    Béal Deirg Beag, Co. Mayo