School: Béal Dearg (roll number 11582)

Location:
Béal Deirg Mór, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mac Conghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Dearg
  2. XML Page 243
  3. XML “Scéal fá Thaibhse”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit thoir ag Cill Álaidh ar a dtugtar Palmerstown. Bhí Protastúin in a gcómhnuidhe i dteach mór annsin fadó. Tamall maith in a dhiaidh sin tháinig Caitliceach agus thóg sé na cloca agus rinne sé teach eile leó. Nuair a bhí an teach tógtha aige chuaidh sé isteach sa gcoill a bhí ar chúl thighe na bProstastún le píosa ádmaid a ghearradh. Ghearr sé an t-ádmad san oidhche agus ghearr sé an crann ba mhó a bhí ann. Bhí sé ag dul san oidhche an t-am seo agus nuair a bhí sé réidh aige rug sé greim air agus chuir sé isteach ar an gcairt é.
    Nuair a bhí sé ag imtheacht tháinig fear bán amach roimhe ar an mbóthar agus thosuigh an capall ag léimrigh. Thosuigh an fear ag mallachtai ar an bhfear mbán. Lean an fear bán é ag rinnce i gcomnuidhe. Tháinig faitchíos ar an bhfear annsin agus thosuigh sé a' guidhe mar bhí a fhios aige gurb taidhbse a bhí ann. Léim an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Mac Gearbuigh
    Gender
    Male
    Address
    Gaobhrán, Co. Mayo