School: Béal Dearg (roll number 11582)

Location:
Béal Deirg Mór, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mac Conghamhna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Dearg
  2. XML Page 202
  3. XML “Na Lochlannaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair a bhí “Croc an Chanaigh” blian faoi lín agus blian faoi chruinneacht againn. Ní fhásann ach fraoch agus canach ar an gcnoc anois.
    Comgarach do’n croc sin, nó píosa den cnoc céadna tá áit darb ainm do “Sgreig” agus deir an seanacaidhe gurbh é “Sgreig na mBróinte” an sean ainm ceart.
    Is dócha go bhfuil baint idir an ainm seo agus an béal oideas seo leanas:-
    “Théig(h)éadh na (Loc(h)lannaigh) Danair amac(h) ar mhaidin agus thógadh siad na bróinte leo ar fhaithchios go mbeadh na mná ag meilt in a ndiaidh sa mbaile” adeir an seanacaidhe acht níl fhios aige cé hiad na mná atá i gceist nó cá mbeadh na Danair ag dul.
    Dá mbeadh siad ag dul ó B(h)éal Dearg go Croc an Chanaigh b(h)eadh Sgreig na mBróinte ar an mbealach agus b'fhéidir go bhfágadh siad na bróinte ansin.
    Gheibheann daoine bróinte ins na portac(h)aibh go minic agus ta deifir eadorra agus na cinn a bhí in úsáid le déanaighe. “Bró Loc(h)lainn” a thugtar ortha. “The querns the Danes hid, long ago” adubhairt duine liom acht b’shin é an méid eólais a bhí aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Michael Regan
    Other names
    Michael Regan
    Mícheál Ó Réagáin
    Gender
    Male
    Age
    75
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Béal Deirg Beag, Co. Mayo