School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 78
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht ceann le fághail annseo agus annsúid anosi de tíghtibh na sean-aimsire.Bhíodh leabaidh sa chistin san am fadó, agus codleóchadh an buachaill aimsire san leabaidh sin. Ní raibh aon seimné ins na tíghthe fadó, acht bhíodh líne clocha déanta suas i lár an urláir agus an teine déanta annsin. Is beag móin a dóighthear ins an am sin. Admad a bhíodh acú agus cúpla fód móna freisin. Clocha a bhíodh ins na tíghthe agus móirtéal freisin.Dhá seómra agus chistin a bhíodh ins na sean-tíghthe. Bhíodh aon fhuinneóg i ngach seómra, agus ceann ins an gcistín. Bhíodh na fuinneóga ana-bheag an uair sin. Ceithre doirse a bhíodh ionnta, ceann i ngach seómra, agus dhá ceann ins an gcistín. Bólt a bhí aca chun an doras a dhúnadh ins na sean-tíghthe. Clochaí móra cothrom a bhí mar mianach ins an urláir. Bhí leath-doras i ngach tíghe chun na cearca a choinneál amach.Ins an am fadó rinne na daoine coinnle (?) san áit seo. Soe é an caoí a rinne siad iad. Ar dtúis téighidéis amach, agus gheibhidís(continues on next page)