School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 17
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nuair a bhí sé bruithte aice, thóg sí suas é agus d'fág sí ar an phláta é. Ó a Shorcha arsa Seán an íósaidh tú an turcí sin uilig. "Íosaidh arsa Sorcha agus an oiread agus an oiread eile" Dith Sorcha é, agus níor thug sí greim ar bith do Sheán agus é ag fhágháíl bháis leis an ocras. Nuair a tháinig an Sagart d'iarr sé ar Seán céard a bhí air, agus dubhairt sé an oiread agus an oiread eile. Níor thuig an sagart céard a bhí sé gá rádh. D'iarr sé ar Sorcha ceárd a bhí sé a rádh, agus dubhairt Sorcha dá mbéadh an oiread agus an oiread de airgead aige, tarbhrfaidhe sé dom é. Annsin fuair sé bás, agus d'fhág sé an airgead uilig go Sorcha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí long ag dul go Meiriceá uair amháin agus nuair a bhí an long amuigh san fhairrge, chonnaic an caiptín míol mór ag teacht. Bhí faithcíós ar an gcaiptín go bhfeicfead na máirnealaigh an míol mór mar bhí pisreog acu gur b'éigin do dhuine eícint bás d'fhágail ar an turas dá bfeicfeadh siad míol mór ag teacht. Bhí cataoir san luing agus chaith an caiptín amach go dí an míol mór é acht ní raibh aon mhaith ann, mar ní raibh sé sásta. Annsin chaith an chaiptín naigín baine amach chuige. Shluigh sé síor é ac níor imithigh (?) sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish