School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 15
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an geata leis, agus dubhairt sé, Oidhche bhréagh iseadh sé. Acht d'imthigh sé agus shroich sé lonach ar chaoí ar bith. Cúpla lá indhiaidh sin, chuaidh an fear chéadhna as Gleanncalraighe amach go dtí lonach. Droch-oidhche a beadh é agus nuair a bhí sé ag dul abhaile, dubhairt sé nach uathbhásach an oidhche ag dul amach, agus dubhairt an b fear eile, Ó oidhche bhréagh iseadh sé. Nuair a bhí sé ag dul abhaile, cailleadh é ins na sléibhte.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal. Bhí daoine ina gcomhnuidhe san áit seo fadó. Bhí teach cinn tuighe acú bhí a lán féar ag fás thuas ar bárr an tíghe, agus bhí siad ró-leisceamhail chun tuighe nua a chur air. Sa deireadh chuimhnigh siad ar sheift. Bhí capaill ag an bhfear seo. Dubhairt sé go gcuirfadh sé an capall thuas ar bhárr an tíghe go n-ithfeadh sé an féar. Acht ní raibh sé ábálta, agus céard a rinne sé, acht an cheann a ghearradh d'én chapaill, Annsin chaith sé suas ar bhárr an thíghe. Annsin ní raibh an féar ithte, na ní raibh a capaill aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nich an Chloinsigh
    Gender
    Female
    Informant
    Seoirse Mac an Cloinsigh
    Gender
    Male
    Age
    55
  3. Bhí fear í mbéal Dearg Fadó, darb' ainm Pádraig Ó Caindreadh. Aon lá amháin dubhairt sé léna bhean. Anois ar seisean. Caithfimíd ar n-airgead go léir a choinneál chun muc a cheannacth. Atht dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.