School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 117
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear nach ceart uisge a chaitheamh amach ar oidhche Samhna, mar deireann na sean-daoine go mbíonn tú ag chaitheamh ar na naomhaibh é.
    Deirean na sean-daoine an chéad duine a éirigheann an chéad lá Bealtaine go mba cheart dó cirtín dearg do ceangail ar rubhaill an mbuin, agus go mbéadh a lán im ag an líon-tíghe i gcomhair an bhliadhain sin.
    Deirtear gur ceart rud éigin a mharbhughadh ar oidhche Naom Mháirtín nó go gcailfeá rud éicint sul a mbéadh an bliadhain caithte.
    Ní ceart an olann a baint do na caoire roimh Dómhnach Cincíse nó caillfeóchar cuid aca.
    Dá mbéadh tú isteach i dteach agus dá mbéádh bean an tíghe ag déanamh maistreadh ní ceart an teach a fhágail gan cupla buile a tabairt do'n cuinneóg leis an luinthe, nó tarbfaidhe na sideóga an im leó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish