School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 111
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn leighiseanna ag na sean-daoine i gcómhair galair agus phianta áirithe. Bíonn leigheas acú i gcomhair tinneas fiacail. Téigheann siad amach agus gheobheann siad frog, agus cuireann siad isteach ina bhéal é idir an dá líne fiacla agus caitheann siad amach annsin é.
Tá rud le fághail i gcómhair phiannta san áit seo darbh ainim nífeart, acht tá sé ana-chruaid lé fágháil. Bruitheann siad é agus itheann siad é annsin. Nuair a bíonns faírtíní ar daoine go mór - mhór paistí, teigheann siad amach agus geibheann siad chloch, a bhíonns poll ann agus uisge san poll. Cuirtear an t uisge sin ar na fairtíní agus deirtear go n-imthígheann siad.
Deirtear má bhíonn sladán nó casacht ar daoine as tobair beannuigthe go n-imthigheann sé. Déantar plástair as luibheanna agus cuirtear ar an áit nimhneach é.
Nuair a bhíonns aidídí airithe(continues on next page)