School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 10
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Sí”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sí leis an bhfear, "Tá sé chómh maith duit canna uisge a tabhairt isteach, ós reid é go bhfuil an t-uisge, agus chaith sé ar an mnaoí é. "Anois", a deir sé tóg isteach ceann eile tusa mar tá tú fluich.
- Bhí fear i nGleannamóigh fadó agus bhí bo amháin aige, agus bhí gamhan amhain ag an mbuin. Maidin amhain fuair an fear an bhó marbh, agus do chuir sé an gamhan amach ins an bpáirce agus do cheangal sé le téadach i .
Bhí an gamhan an-mhór taréis bliadhna agus ní raibh fhios ag an bfhear céard a bhí sé ag fághail. Aon oidhche amháin luighe sé leis an ngamhan agus ní raibh sé i bfhad annsin go dtainigh an bhó. Rug sé ar rubhaill an bhó agus thosuigh sí ag rith agus níor stad sí go dtainig sí go dtí an lios agus chuaidh an fear isteach agus do bhris an fear gach rud a bhí san líos agus fuair sé an bhó agus thug sé slán abhaile í. - Chuaid fear go dtí an baile mór lá, agus chonnaic sé tréan. Ní fhacha sé tréan ariamh roimhe sin, agus chuaidh sé suas go dtí an stáisúin, agus casadh máigisthir an stáisuín(continues on next page)